Joe Friel
Sports / Physical Therapy Clinic

img-1

An teiripe spóirt agus fisiteiripe is fearr i gCill Ulta, Co Dhún na nGall.

An bhfuil tú ar lorg teiripe spóirt nó fisiteiripe i nDún na nGall? Ná bí sásta le sop in áit na scuaibe. Ag Joe Friel, níl sa teiripe teagmhálach agus an faoiseamh éifeachtach ó phian ach an tús. Tá do shláinte ina phaisean againne agus bheir ár gcur chuige imeasctha réiteach fadtréimhseach duit, ní réiteach beag suarach.

Is cur chuige teagmálach atá inár gcóir leighis chun bail a chur ar mhatáin atá gortaithe, gortú spóirt, sciaitíce, athshlánú, pian droma, pian sa mhuineál, teannáin agus cuireann sé chun cinn sláinte ghinerálta matán cnámharlaigh. Oibríonn Joe Friel i gcomhar leat le cinntiú a dhéanamh ar an bhunchúis den phian agus an mífheidhmiú. Cinntíonn sé seo muid chun an cothromaíocht agus an fheidhmiú is fearr a chur ar fáil go héifeachtach agus tá ár gclár cóireála deartha ar bhun indibhidiúil leis an chliant.

Má tá tú ag iarraidh pian a laghdú, má tá tú ag lorg físiteiripeoir i nDún na nGall nó má tá athshlánú de dhíth ort, déan coinne d’fhisiteiripe le Joe Friel inniu!

Treatments

Physical Therapy

Sports and Remedial Massage

Deep Tissue Massage

Ultrasound

Taping & Strapping

img-8

Cén fáth go roghneofá Joe Friel?

Nuair atá gortú nó pian matáin ort níl de dhíth ort ach an tacaíocht, an treoir agus an cinnteacht cheart le tú biseach a fháil go gasta. I gclinic s’againne, tá sé ar intinn againn cúram iomlán a thabhairt duit sa dóigh gur féidir linn do phian agus do ghortú a láimhseáil láithreach i gcuideachta le hathruithe ar do shaol, ar athshlanú agus ar aclaíocht a mholadh do do shláinte iomlán.

Chomh maith leis sin, clúdaíonn muid réimse leathan de ghortaithe ar matáin chnámharlaigh de phian droma agus pian sa mhuineál agus gortaithe eile sna hailt. Ag Joe Friel, cuireann muid cóir leighis ar dhaoine de gach uile aois a bhfuil cuidiú de dhíth orthu dá gcuid gortaithe.

 

Tá ár meon bunaithe ar chóir leighis ach léiríonn sé fosta aidhm an chlinic chun stíl mhaireachtála inbhainte amach agus bearta coisctheachta a chur chun cinn. Ag Joe Friel, tá béim láidir againn ar athshlánú le haclaíocht atá fóirsteanach do do riachtanais agus spriocanna féin.

Tig le cliaint a bheith ag súil le seirbhís chuimsitheach a thugann lán-aird ar á bhfadhbanna. Cuirtear ar fáil réitigh gasta agus iontaofa i dtimpeallacht chairdiúil gan aon strus.

VISIT US

Joe Friel, Pain and Injury Clinic,
Killult, Co. Donegal, Ireland F92 YV61

CALL US

087 796 1494

EMAIL US

joefriel@ymail.com

img-4

Contact Us

Please enter your name.
Please enter a valid email.
Please enter a valid phone number.
Please enter a message.
Scroll to Top